Tionólfar an 6ú Féile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh ar 8,9,10,11 Mí na Samhna. Bíonn ana-éileamh ar an bhFéile seo ag tosach an Gheimhridh; Reacaireacht agus Ceardlanna ag filí aitheanta, léacht na Féile, rince, ceol agus an maidhc oscailte, mar a léann cumadóirí áitiúla agus cuairteoirí a gcuid filíochta.
Bheartaigh coiste na Féile Bige cur leis an ócáid i mbliana in onóir do agus i gcuimhne Mháirín Feirtéar (RIP),duine de bhunaitheoirí na féile, a raibh a croí agus a hanam istigh sa teanga, agus go háirithe, sa chleas óg.
Dá bhrí sin, reachtáilfear ceardlann filíochta do dhaoine óga idir 17-25 bliana, dóibhsan go bhfuil spéis acu sa bhfilíocht nó atá tosnaithe ar bheith ag scríobh cheana féin agus gur mhaith leo a n-iarrachtaí a thabhairt céim eile chun cinn.
Má tá tú san aoisghrúpa úd agus gur mian leat bheith páirteach linn, fiú mura bhfuil aon ní scríofa agat go fóill, seol r-phost chuig bridnimhorain1@eircom.net roimh an 20 Deireadh Fómhair. Má tharlaíonn sé go bhfuil dán nó dhó scríofa agat agus go bhfuilir toilteanach iad a chur faoi bhráid na ceardlainne, is féidir leat iad a chur go dtí an r-sheoladh céanna. Níl aon táille don gceardlann so.
The 6th annual Féile Bheag Filíochta poetry festival, will run from the 8th to the 11th of November in Ballyferriter, Co. Kerry. This popular, winter, festival brightens up the mind with lectures, readings and workshops, and good natured open microphone events. The calibre of the speakers is always very high, this year celebrated poet; Paddy Bushe, will lead the workshops. Early booking for the workshops is essential. While the festival is run through Irish, poems in any language will be welcome.
The committe of the poetry festival have organised an extra workshop in honour of Mairín Feirtéar one of the founders of the festival who died this year. A poetry workshop for young people between the ages of 17 and 25 years will take place on Saturday.
