Feile Bheag Filíochta 2018
Tionólfar an 12ú Féile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh ar 9,10,11 Mí na Samhna 2018. Bíonn ana-éileamh ar an bhFéile seo ag tosach an Gheimhridh; Reacaireacht agus Ceardlanna ag filí aitheanta, léacht na Féile, amhráin, ceol agus an maidhc oscailte, mar a léann cumadóirí áitiúla agus cuairteoirí a gcuid filíochta. Is abhar mortais don Choiste ag an bpointe seo a fhógairt gurb iad Áine Ní Ghlinn agus Peter Sirr a bheidh i mbun na gCeardlann a tionólfar ar an Satharn 10ú Samhain in Áras Bhréanainn. The 12th annual Féile Bheag Filíochta poetry festival, will run from the 9th to […]
CEILIÚRADH AR MHÁIRE MHAC AN tSAOI
Aoi Speisialta Ailbhe Ní GhearbhuighFile Gaeilge í Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Trá Lí i gCo. Chiarraí. D’fhoilsigh Coiscéim na cnuasaigh Péacadh (2008) agus Tost agus Allagar (2016), a ghnóthaigh Duais Uí hAirtnéide. Cnuasach dátheangach is ea The Coast Road a d’fhoilsigh Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy uirthi in 2020. Foilseofar cnuasach nua Gaeilge léi sa bhfómhar, Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile.Ailbhe Ní Ghearbhuigh is a poet from Tralee, Co. Kerry. Her books include Péacadh (Coiscéim 2008) and Tost agus Allagar (Coiscéim 2016), which won the Michael Hartnett Award in 2019. […]