Aoíanna 2023
Aifric Mac Aodha Sa bhliain 2023, ceapadh Aifric Mac Aodha ina scríbhneoir cónaithe le DCU. Tá sí ina heagarthóir Gaeilge le Poetry Ireland Review, gorse agus The Stinging Fly. D’fhoilsigh An Sagart an chéad chnuasach filíochta léi, Gabháil Syrinx, sa bhliain 2010. Foilsíodh dánta dá cuid ar irisí éagsúla, POETRY Young Irish Poets ina measc. Aistríodh a saothar go teangacha éagsúla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Spáinnis agus an tSeicis san áireamh. Bhronn An Chomhairle Ealaíon mórchuid sparánachtaí uirthi agus ghlac sí páirt i bhféilte ar fud na hEorpa, i Meiriceá, i gCeanada agus san India. Sa bhliain … Read more