Micheál Ó Ruairc
Rugadh é sa Leitriúch i gContae Chiarraí. Cónaí air i mBaile Átha Cliath. Foilsithe aige tá cnuasach amháin gearrscéalta, a lán úrscéalta, cúig chnuasach filíochta Gaeilge agus ceann amháin as Béarla. Scata duaiseanna buaite as a chuid scríbhneoireachta agus foilsíodh dánta dá chuid i ndíolaimí éagsúla. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach, Dambatheanga:Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2014. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR scéinséir nua dar teideal Fianaise Bhreise in 2019. A chnuasach filíochta is déanaí ná Treaspásóir: Trespasser (2020). D’fhoilsigh Coiscéim Thugamar Féin an Samhradh Linn, saothar beathaisnéise, sa bhliain 2022.
Born in Bréanainn on the north side of Corca Dhuibhne, Mícheál has long been living in Dublin. He has published one collection of short stories, many novels, five collections of poetry in Irish and one in English. His writing has won many awards and his poetry has been published in various anthologies. His bilingual collection Dambatheanga:Damlanguage (Arlen House, 2014) won the first prize for poetry in the Oireachtas 2014. LeabhairCOMHAR published his thriller Fianaise Bhreise in 2019 and his most recent poetry collection is Treaspásóir: Trespasser (2022). Also published in 2022 was a work of memoir, Thugamar Féin an Samhradh Linn (Coiscéim).
Caitríona Ní Chléirchín
D’fhás Caitríona Ní Chléirchín aníos i nGort Muine, Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin. Is file gradamúil, léirmheastóir, agus léachtóir Gaeilge í Caitríona Ní Chléirchín in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá ceithre leabhar filíochta foilsithe aici: Crithloinnir (2010), An Bhrídeach Sí (2014), The Talk of the Town (The Gallery Press, 2020) agus Safó (2020).
Poet, critic, academic, lecturer in Dublin City University in Dublin and native of Monaghan, Caitríona Ní Chléirchín is the award winning author of four collections of poetry.
Celia de Fréine
Focal den Fhírinne : A Grain of Truth an teideal ar an gcnuasach filíochta is deireanaí ó Celia de Fréine. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht agus Duais Aistriúcháin Chumann Litríocht Chomparáideach na Breataine. Sa bhliain 2022 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a rogha dánta mar aon le dánta nua sa saothar Aoi ag Bord na Teanga.
Celia de Fréine’s most recent collection of poetry Focal den Fhírinne: A Grain of Truth was published by Arlen House. Awards for her poetry include the Patrick Kavanagh Award, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht and the British Comparative Literature Association Translation Award. Aoi ag Bord na Teanga, a New and Selected Poems, was published by LeabhairCOMHAR in 2022.
David Wheatley
File is léachtóir é David Wheatley, agus é ag cur faoi in Albain le fada an lá anois. Sé chnuasach filíochta foilsithe aige, Child Ballad (Carcanet, 2023) ina measc. Eisean a d’aistrigh dánta Aifric Mhic Aoidh in Old Friends (Gallery Press, 2024).
David Wheatley is a poet and lecturer, and lives in rural Aberdeenshire. He has published six collections of poetry, the latest being Child Ballad (Carcanet, 2023), and has translated the work of Aifric Mac Aodha, most recently in Old Friends (Gallery Press, 2024).
Diarmuid Johnson
Is file agus úrscéalaí, ceoltóir agus scoláire, aistritheoir agus iriseoir é Diarmuid Johnson. Tá ainm in airde air ó d’fhoilsigh sé Conaire Mór (2017), Tuatha Dé Danann (2018), agus Éadaoin (2020), trí leabhar a dtugtar Sraith na Teamhrachorthu. Ceallach is teideal don leabhar is deireanaí óna pheann, scéal faoin lámh a bhí ag manaigh na hÉireann i gcraobhscaoileadh an chreidimh Chríostaí san Eoraip míle go leith bliain ó shin. I measc na saothar atá ar na bacáin aige tá Deoch an Tobair, panorama de phrós na Gaeilge AD 1100–1925, An Cláirseoir, úrscéal faoi theacht na Normannach go hÉirinn, agus Conamara agus Tíortha Eile, cnuasach filíochta ilteangach.
Since the late 1980s, Diarmuid Johnson (b. Cardiff, 1965) has pursued a varied career as a writer, poet, musician, scholar, translator and journalist. His work has brought him to many countries, including Brittany, Germany, Poland and Wales, an odyssey well documented in Seacht dTír Seacht dTeanga (2021). Forthcoming volumes include Deoch an Tobair, a panorama of Irish-language prose AD 1100–1925, An Cláirseoir, a novel that examines the historical conquest of the Norman invasion of Ireland in 1169, and Conamara agus Tíortha Eile, a prismatic collection of poems drawn from the period 2015-2025.
Eiléan Ní Chuilleanáin
Saolaíodh Eiléan Ní Chuilleanáin i gCorcaigh sa bhliain 1942. Chaith sí roinnt mhaith blianta ina hOllamh le Béarla i gColaiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. File agus léirmheastóir í leis agus tá suim ar leith aici i litríocht Bhéarla na Meánaoiseanna, san aistriúchán, sa bhéaloideas agus sa nuafhilíocht, idir Bhéarla agus Ghaeilge. Tá mórán gradam bainte amach aici dá cuid filíochta – Duais Farmgate an ngradam is deireanaí aici don gcnuasach The Map of the World (Gallery Press 2023).
Born 1942 in Cork. She has taught at Trinity College Dublin from 1966. She has published critical work on Renaissance English literature, on translation, on literature and folklore and on modern Irish poetry in English and Irish. She edits the literary journal Cyphers. She was Ireland Professor of Poetry 2016-19. Her latest book of poetry, The Map of the World (Gallery Press 2023), was shortlisted for the T.S. Eliot Prize and was awarded the Farmgate Prize. Her Collected Poems appeared in 2020 from Gallery Press.
Rody Gorman
Rugadh Rody Gorman i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1960 agus tá cónaí air san Oileán Sciathánach in Albain anois. Tá cnuasaigh filíochta tugtha amach aige i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBéarla lena n-áirítear Fax (1996), Flora From Lusitania (2005), Zonda? Khamsin? Sharaav?Camanchaca? (2006) agus Beartan/Briste/Burstbrokenshroudloomdeeds (2011). Is iad na cnuasaigh is deireanaí dá chuid Cuala, Dothra (2021), Lorg Eile/Final Call (2022) agus Sa Chnoc (2023). Foilsíodh a leagan féin de scéal Buile Shuibhne, Sweeney: an Intertonguing le Francis Boutle i Márta 2024.
Rody Gorman was born in Dublin in 1960 and lives in Skye. He has published collections of poetry in English, Irish and Scottish Gaelic including Fax (1996), Flora From Lusitania (2005), Zonda? Khamsin? Sharaav? Camanchaca? (2006) and Beartan Briste/Burstbrokenshroudloomdeeds (2011). His most recent collections are Cuala, Dothra (2021), Lorg Eile/Final Call (2022) and Sa Chnoc (2023). His version of Buile Shuibhne, Sweeney: an Intertonguing was published by Francis Boutle Publishers in March 2024.
Rónán Ó Snodaigh & Myles O’Reilly
Ball den ghrúpa ceoil aitheanta Kila é Rónan, grúpa a bunaíodh i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí. Bhí cáil riamh ar an ngrúpa don núálaíocht ina gcuid ceoil a bhí go mór fé thionchar cheol agus uirlisí traidisiúnta na hÉireann i dtús báire. Thug Rónán agus muintir Snodaigh fé fhuaimeanna nua a chruthú. Agus sa dá albam atá anois eisithe ag Rónán leis an gceoltóir agus fear déanta scannán Myles O’Reilly, Tá go Maith (2020) agus The Beautiful Road (2023), go dtugadh ardmholadh dóibh. Deineann siad, dar leo féin, taithí éisteachta a sholáthar a thugann faoiseamh don gcluais is don anam. The Beautiful Road (2023), the second album from musicians Rónán Ó Snodaigh (also of the group Kila) and Myles O’Reilly is a soulful blend of folk, traditional, and ambient crossover which follows the success of their debut album Tá Go Maith (2020) which was itself warmly received by Irish audiences after its release in May 2020. Rónán and Myles have been showcasing their unique sound live to an ever-growing fan-base. They seek to create a soothing listening experience for all with the calming sounds of nature countering the frenzied sounds of a post-pandemic world.







