Menu

Aoíanna 2023

Aifric Mac Aodha

Aifric Mac Aodha

Sa bhliain 2023, ceapadh Aifric Mac Aodha ina scríbhneoir cónaithe le DCU. Tá sí ina heagarthóir Gaeilge le Poetry Ireland Review, gorse agus The Stinging Fly. D’fhoilsigh An Sagart an chéad chnuasach filíochta léi, Gabháil Syrinx, sa bhliain 2010. Foilsíodh dánta dá cuid ar irisí éagsúla, POETRY Young Irish Poets ina measc. Aistríodh a saothar go teangacha éagsúla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Spáinnis agus an tSeicis san áireamh. Bhronn An Chomhairle Ealaíon mórchuid sparánachtaí uirthi agus ghlac sí páirt i bhféilte ar fud na hEorpa, i Meiriceá, i gCeanada agus san India. Sa bhliain 2017, d’fhoilsigh The Gallery Press an cnuasach is déanaí léi, Foreign News, mar aon le haistriúcháin Bhéarla le David Wheatley.

In 2023, Aifric Mac Aodha was appointed writer-in-residence at DCU. She is the Irish-language poetry editor of Poetry Ireland Review, gorse and The Stinging Fly. Her first poetry collection, Gabháil Syrinx (The Taking of Syrinx), was published by An Sagart in 2010 and her poetry has been published in various magazines and journals, including POETRY Young Irish Poets. Her work has been translated into many languages, including French, German, Italian, Spanish and Czech. She has been awarded several bursaries by The Arts Council and, in recent years, she has read at numerous festivals in Europe, America, Canada and India. Her latest collection, Foreign News, with translations by David Wheatley, was published by The Gallery Press in 2017.


Pádraig Mac Fhearghusa

Saolaíodh Pádraig Mac Fhearghusa i mBéal Átha Fhinín, Iarthar Chorcaí. An Clóchomhar a d’fhoilsigh a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear, 1980. Tá príomhdhuais filíochta an Oireachtais buaite faoi thrí aige. I measc a chuid foilseachán tá Conradh na Gaeilge i gCiarraí agus Tóraíocht an Mhíshonais, méar ar eolas ar Freud agus Jung. Bhí sé ina eagarthóir ar Feasta, míosachán liteartha, 1996–2019. Foilseoidh LeabhairComhar Iarmhairt, rogha dánta leis, i mbliana. Le cúnamh dámhachtana ón gComhairle Ealaíon tá sé ag obair ar chnuasach úr.

Pádraig Mac Fhearghusa was born in Ballineen, West Cork. An Clóchomhar published Faoi Léigear, his first poetry collection, in 1980. Three collections, Mearcair (1996), An Dara Bás (2002) and Oilithreacht na gCríoch Déanach (2021) were awarded the Oireachtas Poetry Prize. Other publications include a history of Conradh na Gaeilge in Kerry and Tóraíocht an Mhíshonais, an Irish-language introduction to Freud and Jung. He edited the literary monthly, Feasta, from 1996 to 2019. LeabhairComhar will publish his selected poems later this year. He has been awarded an Arts Council bursary and is completing a new collection.


Seán Lysaght

Seán Lysaght

Rugadh Seán Mac Giolla Iasachta i gCorcaigh in 1957 agus tógadh i gcathair Luimnigh é. Oileadh ar Choláiste an Chorráin é agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tréimhse san Eilvéis agus sa Ghearmáin agus d’fhill sé ar Éirinn in 1990. Ba léachtóir é le Staidéar Oidhreachta i GMIT, Caisleán an Bharraigh ar feadh níos mó ná scór bliain. Tá cónaí air agus ar a bhean Jessica i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo. D’fhoilsigh Gallery Press sé chnuasach filíochta óna pheann, Scarecrow (1998), The Mouth of a River (2007) agus Carnival Masks (2014) san áireamh. Tá aitheantas bainte amach aige freisin dá shaothair phróis faoi thírdhreach agus fiadhúlra, go háirithe don leabhar Wild Nephin (2020). Is é New Leaf (Gallery, 2022) a chnuasach filíochta is déanaí.

Seán Lysaght was born in Cork in 1957 and brought up in Limerick city. He was educated at Crescent College and University College Dublin. Following several years living abroad, in Switzerland and Germany, he returned to Ireland in 1990 and taught for many years as a lecturer in Heritage Studies at the Galway Mayo Institute of Technology. He lives in Westport, Co Mayo with his wife Jessica. He is the author of several volumes of poems, including Scarecrow (1998), The Mouth of a River (2007) and Carnival Masks (2014) from Gallery Press. He has also written prose about wildlife and landscape: Eagle Country (2018) and Wild Nephin (2020). His most recent collection of poems is New Leaf (Gallery, 2022).


Cáit Ní Riain
Ceoltóir agus amhránaí traidisiúnta ó Thiobraid Árann is ea Cáit Ní Riain, atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne le bliain anuas. Bíonn sí ag seimint ceoil agus ag amhrán fud fad na tíre agus níos faide i gcéin. Tá MA bainte amach aici i mBéaloideas agus Eitneolaíocht na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá suim ar leith aici i dtraidisiún na n- amhrán agus traidisiún liteartha na hÉireann.


Cáit Ní Riain is a multi-instrumentalist and traditional singer
from Tipperary, who has been based in Corca Dhuibhne for over a year. She performs as a musician and singer all over the country and further afield. She holds an MA in Irish Folklore and Ethnology from University College Dublin. Of particular interest to her is the singing tradition of Ireland as well as the
wider literary tradition of Ireland.


Darragh Ó Caoimh

Ó Cheann Toirc i nDúiche Ealla, Co. Chorcaí, é Darragh Ó Caoimh agus é i mbun MA sa Nua- Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair. Is in Ollscoil Montana, Missoula a bhí sé go dtí le déanaí agus é ag teagasc na Gaeilge ansiúd ar Scoláireacht Fulbright. Ghnóthaigh sé céim sa Dlí agus sa Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2022. Le linn a chuid ama cois Laoi, bhí Darragh sáite i bpobal na Gaeilge san Ollscoil, agus bhí sé páirteach in 2021 i meitheal bhunaidh na hirise Breac, iris mhic léinn na hollscoile, agus ar bhord eagarthóireachta na hirise céanna in 2022 ach a gcuireadh an dara heagrán (an chéad eagrán clóite) amach. Foilsíodh ailt nuachta is léirmheasa leis san eagrán sin, agus dornán dánta is aistriúchán lena gcois. Tá a chuid dánta i gcló in Comhar agus Aneas leis.

Darragh Ó Caoimh is from Kanturk, Co. Cork, and is currently studying for an MA in Modern Irish in UCD. He spent the previous academic year teaching Irish at the University of Montana, Missoula on a Fulbright Scholarship. He graduated with a degree in Law and Irish from UCC in 2022, and was heavily involved in the Irish-language community on campus in Cork. Involved in the establishment of student magazine Breac, Darragh was on its editorial board in 2022 when the second edition (and first to appear in print) was released. His contribution to that edition also included news and review articles, along with new and translated poems. His poetry has also appeared in Comhar and Aneas.


Niall O’Gallagher

Is file é Niall O’Gallagher (Niall Ó Gallchóir) as Gaeilge na hAlban. Tá trí chnuasach foilsithe aige le CLÀR: Beatha Ùr (2013), Suain nan Trì Latha (2016) agus Fo Bhlàth (2020). D’fhoilsigh Francis Boutle an Rogha Dánta aige, Fuaimean Gràidh / The Sounds of Love, le haistriúcháin go Béarla le Pàdraig MacAoidh, Deborah Moffatt agus eile, in 2023. Is iriseoir é a bhíonn rannpháirteach go minic sna meáin Ghaeilge in Éirinn. Tá conaí air ar chósta thiar na hAlban, ní fada ó Ghlaschú.

Niall O’Gallagher is a poet in Scottish Gaelic. He is the author of three collections with CLÀR, Beatha Ùr (2013), Suain nan Trì Latha (2016) agus Fo Bhlàth (2020). His Selected Poems, Fuaimean Gràidh / The Sounds of Love, with English translations by Pàdraig MacAoidh, Deborah Moffatt and others, was published by Francis Boutle in 2023. A journalist. he participates regularly in the Irish-language media. He lives on the west coast of Scotland, not far from Glasgow.


Dubhán Ó Longáin

File, scríbhneoir, taighdeoir, agus teagascóir Gaeilge é Dubhán Ó Longáin. Tá PhD ar na laoithe Fiannaíochta díreach á chríochnú aige in Ollscoil Uladh. Is maith leis seanscéalta a athmhúnlú agus cor nua-aoiseach a chur iontu ina chuid scríbhneoireachta cruthaithí. Tá duaiseanna bainte amach aige mar gheall ar a dhánta ‘traidisiúnta’ agus ‘slam’ araon agus a chéad chnuasach, IDEO Locator, foilsithe ag Coiscéim. Rinne sé filíocht a aithris ag ócáidí éagsúla, Electric Picnic ina measc.

Dubhán Ó Longáin is a poet, writer, researcher and Irish teacher. He is currently finishing his PhD on the Ossianic lays with Ulster University. In his creative writing, he likes to mould older stories and give them a modern twist. He has won prizes for writing ‘traditional’ and slam poetry and his first collection, IDEO Locator, was published by Coiscéim. He has performed at various events such as Electric Picnic.


Tristan Rosenstock

Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir is ea Tristan Rosenstock. Tá sé ina Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair. Ón mbliain 2017 i leith tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish poetry in eagar. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada

Tristan Rosenstock is an author, editor, broadcaster and bodhrán player. He presents RTÉ Raidió na Gaeltachta’s arts series An Cúinne Dána along with other literary programmes and is literary editor of the monthly magazine Comhar. He has toured the world with traditional group Téada.


Síle Denvir agus Barry Kerr

Tá clú agus cáil ar na ceoltóirí Síle Denvir agus Barry Kerr agus nuair a chasann siad in éineacht cruthaíonn siad ceol álainn a chuireann beocht an traidisiúin in iúl go cruthanta. Tá meascán idir an sean agus an nua ina stór amhrán agus ceoil, ó amhráin sean-nóis Shíle chuig amhráin nuachumtha Bharry a insíonn seanscéalta an duine i gcomhthéacs nua-aoiseach. Déanann an bheirt acu cóiriú cruthaitheach móitífbhunaithe ar a gcuid ceoil ar na píopaí, ar an bhfeadóg mhór agus ar an gcláirseach. Bronnadh Gradam Liam O’Flynn ar Barry in 2020 agus faoi láthair tá sé ina cheoltóir cónaithe traidisiúnta i UCC. Cláirseoir agus amhránaí sean-nóis í Síle a raibh tionchar láidir ag traidisiún Ghaeltacht Chonamara uirthi agus í ag éirí aníos. Bronnadh an mhórdhuais Amhránaí na Bliana uirthi le gairid ag Gradaim Cheoil TG4 agus eisíodh an t-albam is deireanaí léi i mbliana, Anamnesis.

Barry Kerr and Síle Denvir are two widely celebrated musicians and together they make a compelling duet, creating music that communicates the beauty of a living tradition. Their repertoire is a sympathetic merging of both traditional and original material, ranging from Síle’s ancient sean-nós songs to Barry’s self-composed modern folk tales. Their instrumental music on uilleann pipes, flute and harp is underpinned by subtle and inventive motif-based arrangements. Barry was the recipient of the prestigious Liam O’Flynn Award in 2020 and is currently the traditional musician in residence at UCC. Síle is a harpist and sean-nós singer who is deeply influenced by her upbringing in the Connemara Gaeltacht. Síle was recently named Amhránaí na Bliana (singer of the year) in the prestigious TG4 Gradam Ceoil and her most recent album is Anamnesis.